Maidir liom féin |
||
![]() |
1990 a bhí ansin ann, agus tá athrú nach beag tagtha ar mo chúrsaí faoin am seo. Tar éis cúig bliana ag maireachtáil sa veain s'agam agus ag seinnm ceoil síos suas iarthar Mheiriceá agus Cheanada, tá folt gruaige níos giorra orm agus línte ar m'aghaidh ruainne beag níos doimhne. Táim i m'athair aonarach, ag obair ar PhD, agus ag cur fúm i sráidbhaile Alaska nach bhfuil teacht air ar bhóthar ar bith. Ach tá faighte agam gur rud é cumadh na n-amhrán nach féidir é a dhiúltú, agus tá tréad mór díobh ag fanacht lena dtarraingt.
|