Nótaí

Baile

Faoi Seónna Íoslódálacha Nótaí

Teagmháil


5 Meitheamh 2008

Chuaigh an bhliain seo thart chomh tapaidh! Chríochnaigh mé cuid mhór den obair Ph.D. le déanaí, agus anois tá am saor agam, cé nach rómhór é, le bheith ag críochnú roinnt amhráin nua, agus tá súil agam go mbeidh mé ábalta ceolchoirmeacha nua a shocrú.

Tá an stiúideo taifeadta á thógáil faoi dheireadh. Úsáideann sé líon d’fhuaimfheidhmeanna ó bhogearraí saor in aisce ar ardán Linux. Tá mé ag coinne le cuar foghlama géar, ach ba chóir go mbeidh sé lán de chraic! Tá súil agam go mbeidh a lán fonn postáilte agam roimh dheireadh Lúnasa.

Tá ábhar mar iad seo a leanas á bplé go beomhar le cúpla bliain anuas: DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach, Digital Rights Management), cóipcheart ceoil, an tAcht um Chóipcheart Digiteach na Mílaoise Seo, agus iarrachtaí an RIAA (Recording Industry Association of America) chomh maith le hiarrachtaí gníomhairí an tionscail a “gceart maoine intleachtúla” a chosaint trí rialachán ar chomhroinnt ceoil idir chomhghleacaithe agus ar mhodhanna eile de mhalartú sonraí digiteacha, leabhair san áireamh. I ndáiríre tá na saincheisteanna seo níos forleithne agus níos géibheannaí sa domhan bogearraí, áit inar scríobhadh cláracha mar Windows Vista chun meánchóipcheart a chosaint, mar dhea, ach i ndáiríre, is áit í ina dtugtar do Microsoft an cumas smacht a chur ar an rud is féidir leat a dhéanamh le do ríomhaire agus an rud nach féidir. Cé go n-aontaím go mór go mba chóir do cheoltóirí agus d’ealaíontóirí a bheith ábalta cúiteamh airgeadais a fháil ar son a n-oibreacha, ní mór an bhaint atá ag praiseach na linne seo maidir le meáin agus modhanna chun smacht a chur ar mhalartú digiteach le cúiteamh an ealaíontóra agus is mór an bhaint atá aici le fairsingiú cumhachta na dtionscal seo. Go minic bíonn na modhanna a úsáideann an RIAA chun gairm a chur ar roinnteoirí éigiallta; níl i Windows Vista ach drochbhogearraí, agus tá an cumas a bheith ábalta dul isteach ar eolas agus a bheith ábalta eolas a mhalartú an-tábhachtach do bheithsine toghthóirí atá feasach agus saor. Níl mé cinnte cad é an cur chuige is fearr chun malartú saor in aisce a spreagadh agus cúiteamh a thabhairt d’ealaíontóirí ar son a ndianoibre ag an am céanna, ach rud amháin a bhfuil mé cinnte faoi, nach é seo é. Chuaigh mé timpeall ar an tsaincheist go hiomlán trí thabhairt uaim mo cheol saor in aisce, ach baineann iarmhairt airgeadais leis sin nach gcuirfidh gach ceoltóir fáilte roimpi. Beidh sé an-suimiúil a bheith ag leanúint cad é mar a thitfidh rudaí amach sna fearainn dhlíthiúla agus sna fearainn shóisialta thar na chéad chúpla bliain eile.

Spreag Joseph Campbell a léitheoirí chun a bheith ag “leanúint ar d'aoibhneas” (to “follow your bliss”). Dúirt Calvin lena thíogar Hobbes: “Tá orm gríosaithe dothuigthe m’anama a leanúint” (I must follow the inscrutable exhortations of my soul). Mhol an file Rómhánach Horáit (agus Robin Williams) a éisteoirí fómhar a dhéanamh ar an lá (carpe diem), agus sheol Tennyson Uiliséas aosaithe amach ó Ithaca uair amháin eile leis na focail “… is é m’aidhm ná seoladh thar luí na gréine … a bheith ag déanamh mo dhíchill, ag cuardach, ag fionnachtain, agus gan a bheith ag géilleadh” (… my purpose holds to sail beyond the sunset … to strive, to seek, to find, and not to yield). Tá sé seo go léir mar dhóigh thimpeallach mé féin a spreagadh chun muinín a chur i stair agus i miotas, fiú nuair a thugann praiticiúlachtaí an tsaoil laethúla le tuiscint gurb í a mhalairt atá ann go fírinneach. Le déanaí d’fhág mé mo phost ag Roinn Éisc agus Géime Alasca (Alaska Department of Fish and Game), chun díriú ar a bheith i mo thuismitheoir agus ar chríochnú an Ph.D. Cé go dtugann sé sin níos mó ama dom, ciallaíonn sé chomh maith go bhfuil mé ag maireachtáil ar chistiú taighde Ph.D. agus ar iasachtaí do mhac léinn. Maille le luach an pheitril faoi láthair agus ardú an chostais atá ar tháillí aeir atá ann de thairbhe sin, ní bheadh sé ciallmhar a bheith ag taisteal thar sáile. Ach, de ghnáth bíonn an saol níos suimiúla nuair a bhíonn corr-riosca ag baint leis. Tá Éire i mo chroí le fada anois agus mar sin de beidh mé ag socrú roinnt ceolchoirmeacha in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Agus socróidh mé áit ar bith eile is féidir liom sa Bhreatain Mhór chomh maith. Tá na himeachtaí seo curtha i sceideal d’am éigin sa chuid dheireanach de 2009 nó i dtús 2010. Más amhlaidh go bhfuil tú i do chónaí i gceann ar bith de na háiteanna sin agus dá mbeadh suim agat freastal ar cheann de mo cheolchoirmeacha, seol ríomhphost chugam agus feicfidh mé cad is féidir liom a dhéanamh.

Ar ndóigh, b’fhéidir go mba chóir dom tíogar stuifeáilte a fháil dom féin freisin.


7 Meitheamh 2007

Is é an tionscadal reatha atá agam ná an stiúideo taifeadta a dhéanamh réidh agus úsáid a bhaint as. Tá roinnt píosaí ceoil nua agam le taifeadú agus le postáil, ach de ghnáth bíonn an t-innealtóir taifeadta áitiúil ar shiúl an chuid is mó den samhradh. Bíonn frustrachas ag baint le dul chun cinn atá an-mhall, go mór mór mar ní dhéanaim a lán seónna faoi láthair, agus mar sin, chuideodh sé go mór dá mbeinn ábalta gach rud a dhéanamh intí. Is nua an taithí a bheidh ann, ceart go leor! Go dtí go bhfuil sé sin críochnaithe, beidh mé ag cur leis an leathanach Íoslódála, go mall ach go siúráilte.